Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 355

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 355

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 355
  3. XML “Séamus agus na Marcaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Reath an bhean uasal óg amach ina dhiaidh agus comh luath agus chuir sí cos taobh amuigh don chomhlach sgiob na marcaigh leo í, chuir ar mhuin bheathach a' cheannphoirt í agus as go brách síorraidhe seang leo.
    Fhad agus bhí Séamus istigh rinne na marcaigh cosamhlacht na mná óige le éadach casta thart ar bhata agus d'fhág ina luighe taobh amuigh den doras é.Nuair a tháinig na searbhoghantai amach chonnaic siad an bhean óg 'na luighe agus leig siad na huaill chaointe astu agus reath siad le tarrtháil a dhéanamh uirri. Sa deireadh chonnaic siad nach raibh ann ach bréagbhean agus ar shiubhal leo uilig ins na fathaibh fáisgidh ag cuartú na mná óige. Ní raibh gar ann, ní raibh scolb nó sgéal le fághail uirri. Fán am seo bhí Séamus agus na marcaigh agus an bhean uasal ins an áit chéadna a bhfaca Séamus a' chéaduair iad.D'innis an ceannphort do Shéamus go raibh siad réidh leis agus go dtiocfadh leis dhul na bhaile, go bhfuigheadh sé a bheart agus a bhata 'san áit chéadna a d'fhág sé iad.
    Rinne an ceannphort fead
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eadmonn Mhac Eitheogáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall