Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 354
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceannphort ." Maise, cha naithnighim", arsa Séamus. " Seo Connacht,agus sin caisleán an ríogh. Tá sinne anois indiaidh morán a dhéanamh duitse agus caithfidh tusa anois rud eighinnteacht a dhéanamh dúinne.Pósadh inghean an ríogh indiu ar fhear uasal óg agus caithfidh muid í a fhuadach anocht agus tusa a dhéanfas sin. Beidh sí féin agus a céile 'na suidhe ar dhá chathaoir i seomra mór taobh istigh de'n doras. Gabh thusa suas, buail ar an doras agus nuair a leigfear isteach thú gabh glan díreach go dtí 'n seomra. Beidh coileán beag ar a glúin ag an mhnaoi óig agus sliocaigh thusa síos an coileán trí huaire.
An tríomhadh uair bíodh an coileán leat agus rith amach ar an doras leis".
" Maith go leor, dhéanfaidh mé sin agus fáilte", arsa Séamus. Suas leis go dtí 'n caisleán, bhuail ar an doras agus nuair a leigeadh isteach é suas leis 'un tseomra, chuaidh fhad leis an choileán agus indiaidh an coileán a shlíocadh síos trí huaire bheir sé air agus ar shiubhal leis an choileán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall