Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 351
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ní raibh a'n fhear de'n lucht freastála nach raibh uilig ag geárradh ádhbhar culaith dó. Thóg sé ceann amháin, dhíol ar a shon agus ar shiubhal leis fhad leis na marcaibh.Bhí siad ansin ar fad ag fanacht leis.
Rinne a' ceannphort agus i bpreabadh súl bhí siad ar shiubhal treasna na sléibhte, fríd na coilltibh, síos na gleannta,fríd an uisge, giota ar bhóthar, giota de'n bhóthar go dtí sa deireadh chonnaic siad uabhtha cathair mhór áluinn i dtír choimhthigh.
" An aithnigheann tú an áit seo?",arsa an ceannphort. " Maise cha naithnighim", arsa Séamus. " Seo an Róimh". " Is amhlaidh is feárr é, nó tá dhá shagart ins a' pharóisde s'againne agus ba mhaith le achan duine aca bheith 'na shagart paróisde. Ó tharlaigh mé anseo tá mé ag dul fhad leis an Phápa le fiafraí dó ciaca a bhéarfadh sé stiúraíocht na paróisde dó. Is fearr liom go mór fear amháin aca agus b'fhéidir go dtiocfadh liom cogar ar leith a chur i gcluais an Phápa".
"Is deas an ádhbhar gáire a bhéidheas ag an Phápa thusa atá comh bratógach, salach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall