Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 350
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú comh dána is fearr leigint duit. Ach tabhair leat an chloch bheag seo agus má ghnidh siad magadh nó gáire caith ag do chosaibh í agus dhéanfaidh an chloch an chuid eile.
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Chuaidh Séamus isteach i siopa mór éadaigh. Bhí suas le duisin buachaillí freastala ach nuair a d'iarr Séamus ádhbhar a' chulaith ní raibh ann ach é nár phléasg siad leis na gáiribh. Níor bhog a'n duine le freastal a dhéanamh air. Chaith Séamus an chloch isteach ag na chosaibh agus d'éirigh an teine mhór i mbomaite. Sin an áit a raibh an tamhachaisg!, duine ag rith isteach, duine ag rith amach go dtí sa deireadh tháinig fear a tsiopa é féin. Ní raibh ann ach go bhfuair sé Séamus fríd an toit agus na bladhairibh. D'iarr sé ar Shéamus an teine a mhúchú agus go dtabharfadh sé rud ar bith ar an domhan dó.
Thóg Séamus an chloch agus mar bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile múchadh an teine agus d'imthigh an toit as amharc. Nuair a d'amharc siad thart ar an tsiopa ní raibh mórán dochair uilig déanta. 'Sé d'iarr Séamus ádhbhar culaith de éadach leathair Spáinneach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall