Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 348
- XML “Séamus agus na Marcaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfuair sé an t-airgead céadna a thomhais a bhean agus isteach leis go teach leanna agus d'iarr gloinne lán. Nuair a bhí sin ólta aige, " Cá mhéad air?", arsa seisean. " Sé píngine," arsa an fear." Bhail, nuair atá sé comh saor ólfaidh mé gloinne eile", agus d'ól.
Siúd síos an tsráid leis agus cheannuigh beart de rudaibh bheaga a bhí a dhíth orra 'sa bhaile. D'áirdigh sé an beart ar a mhuin, chaith sileig ar a bhata agus theann air a bhaint an baile amach.
Bhí tráthnóna bréagh socair ann agus shiubhal sé leis ar a shuaimhneas. Ní raibh sé ach giota beag taobh amuigh de'n bhaile mhór go bhfacaidh se sluagh mór marcach ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Níor chuir sé móran suime ionnta a' chéad uair, ach nuair a bhí sé ag tarrraingt comhgharach chualaidh sé achan fhear ag scairtigh. " Tabhair ceann domhsa, tabhair ceann domhsa." " Seadh", arsa Séamus fosda, " tabhair ceann domhsa." " Maith go leor", arsa an ceannphort agus thug dó stéad each bán. D'fhág Séamus uadh an beart agus an bata agsu léim ar mhuin an bheithigh.
Rinne an ceannphort fead agus rud ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eadmonn Mhac Eitheogáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall