Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 345

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 345

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 345
  3. XML “Scéal Loch Finne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    rinneadh ar an taobh thall,go díreach ag an áit a fuarthas é. thug na Fianna clocha móra as achan chearn, cuid acu aníos ó Chró Léithinn,cuid aca as Fánnaid agus áiteacha eile i bhfad ar shiubhal. Níl aon cloch le fágail ar an taoibh sin don chnoc. Ta an cromleac mór le feiceáil go fóill agus a ainm sgríobhtha in Ogham chraoibhe. Níor fhás aon ghreim féir ar uaigh Fhinngheal agus go dtí le fíor ghoirid thionntochadh arbhar agus préataí bán ar an uaigh. Tugadh an t-ainm Loch Finne ar an loch a báitheadh Finngheal innti.
    le fághail ag achan duine sa cheanntar seo.
    R ní B
    Nóta ó Róis:
    Is truaighe liom nach dtáinig an pictiúr den uaigh amach go maith ach tá an uaigh annsin gan fosgladh go fóill ar thalamh Shéamuis Ó Gallchobair, An Cnoc Cam - trí mhíle ó bhaile na Finne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Loch Finne, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann