Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 335
- XML “An Fear nár Crochadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhág agus d'imigh leis un na phríosúin. Leig an fear isteach é agus é sásta go maith gur phill sé. Ins an am seo is indiaidh a dó dhéag a chrochtaí na príosúnaigh. Bhí na siaghdiúiri ar a mbealach chun a chrochta nuair a tháinig an seanduine suas leo agus é ag baint splanncacha teineadh as na clochaibh agus tharraing a shréin agus d'iarr orra pilleadh leisean nó go raibh an fear ceannan céadna indiaidh ceithre chéad punnt a thabhairt leis agus fhad agus bhí seisean a fághail a bheithigh réidh gur imthigh sé.
"Amaidigh!" arsa an t-oifigeach," ar ndóigh tá sinne ag dul anois leis an fhear a chrochadh agus caidé mar thiocfadh leis a bheith agatsa." Mhionnaigh an seanduine agus stróc sé a chuid gruaige ag rádh go n-imtheochadh an gadaidhe orra. Ach d'iarr an t-oifigeach air teacht leo agus mara raibh an fear 'sa' phríosún go gcuirfeadh sé amach an méid saighdiúr a bhí faoi agus go gcrochfadh sé fear a phríosúin ina áit. Ach má tá sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall