Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 331
- XML “Oileán Glóire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thuit sé siar ina chnap codlata ansin. Bhuail mise é ins an tsúil le cliabh a bhí i gcul an chlúdaigh. Amach ar an doras leis ag rádh go mbainfeadh sé sásamh as an rígh.
Bhí fáinne draoidheachta aige agus chaith sé an fáinne ormsa. Cén áit a dteachaidh an fáinne ach suas ar mo mhéir. Thoisigh an fáinne ag sgairtigh fhad leis an fhathach agus an fathach ag sgairtigh leis an fháinne agus tháinig sé i'mo chóir.Chaith mé an méar agus an fáinne isteach i loch a casadh orm agus bhí an fáinne ar fad a' sgairtigh leis an fhathach. Isteach sa loch leis agus báitheadh é.
Bhi cailín sa chruinniú agus nuair a bhí an sgéal innsighthe " Is mise an cailín a bhí ag an fháthach", arsa sise agus tusa an páisde a shábháil sé", arsa sise le Rú Dubh an Ghleanna. Congbhuigh amach do lámh dheas agus níl méar bheag ar bith air."
In áit iad a chur ins an choire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall