Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Oileán Glóire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    pláta óir 'sa chomhraidh leis. Nuair a fuair mise na saighdiúiri istigh a'ithe d'fhosgail mé an uaigh, thug liom an pláta óir agus bhí léine gheal bhán de'n síoda is fearr ar an chuirp agus nuair a bhí mé dhá tharraingt amach thar a cheann tháinig na saighdiúirí amach agus nuair a chonnaic siad an rud bán sgaoil siad leis agus chuaidh an piléar fríd an chorp.D'éalaigh mise amach eadar a dhá chois. Anois,nach raibh mé níos comhgaraighe nó cúig bhomaite do'n bhás?" " Bhí",arsa an rí, gheobhaidh tú do phardún.
    "Cuir síos an teine , tá ceithre bhomaiti ag an darna mac", arsa an rí
    " A rí onóraigh!", arsa Rógaire an Bhearaid Dhuibh, bhí mise níos cómhgharaighe nó ceithre bhumaiti do'n bhás. "Innis an sgéal agus b'fhéidir go dtabhairfinn d' phardún" Thoisigh sé.
    Lá amháin nuair a bhí mé ag dul thart le cruaich mhónadh bhí triúr de chaileachaibh pisreog ina gcodladh agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Gloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall