Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 320
- XML “Scéal an Tairbh Bhric”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)conghochaidh mé do chuid stoic. Dubhairt an gasúr go mbeadh a sheacht sáith os a choinne. Thoisigh an troid agus ba hé sin an troid- ag leagaint crann, ag strócadh an talaimh agus ag cur éanlaith na coilleadh i gcéin. Ag deireadh an lae d'iarr an gasúr ar an stiall teannadh air, rud a rinne agus marbhadh an fáthach deireannach.
Nuair a tháinig an gasúr 'na bhaile ní raibh na soithigh ábalta an bainne a chongbhail. D'innis an gasúr do'n rígh fá dtaoibh den chaisleán agus chuaidh an rí fhad leis.Bhí se lán d'ór agus airgead agus achan nidh a bhí ag teastáil. D'iarr an rí air é chonghbhail níos mó, rud a rinne.
Bhí se beo ann go dtí gur chualaidh sé go raibh péist indiaidh theacht go dtí loch a bhí 'san áit agus go millfeadh se iomlán mura bhfuigheadh sé inghean an ríogh le hithe.
D'imigh an gasúr ar maidin fhad leis an loch agus chuir troid ar an phéist(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conn Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bheathaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall