Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Scéal an Tairbh Bhric”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé leis go raibh neoin bheag agus deireadh an lae ann nó go dtáinig sé fhad le caisleán ríogh. Bhuail sé féin agus mac an ríogh 'un cómhraidh agus d'fhiafruigh an rí é fá choinne buachailleachta.
    D'innis an rí dó na ba a chonghbhail amuigh as an choillidh nó gur le trí fathaigh í agus gur ghnáthach leo trí sgairt a leigint achan oidhche le huile.
    Nuair a chuaidh an gasúr amach ar maidin an chéad rud a rinne se dhul isteach sa choillidh agus suas inas na crainn ag ithe na n-ubhall milis agus ag cathamh anuas na n-ubhall searbh, agus bhí am breagh ag na buaibh ag ithe an fhéir ghlais nó níor ghnáthach le beathach ar bith dhul isteach sa choillidh.
    Ní raibh sé i bhfad istigh go dtáinig fáthach fhad leis agus dubhairt gur mhór leis 'na ghreim amháin é agus gur bheag leis 'na dhá ghreim é.Ghlac an gasúr a dhubhlán greim nó dhá ghreim a dhéanamh de agus thoisigh an troid. Nuair a bhí am eadarshruth ann bhí fhios ag an ghasúr go gcroinnfidhe é agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Conn Ua Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bheathaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Braonáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall