Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 316
- XML “Scéal an Tairbh Bhric”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)di cearc a mharbhadh agus dhul a luighe agus nuair a thiocfadh an rí isteach toiseacht ag caitheamh amach bolgamanna fola agus nuair a fhiafrochadh an rí caidé a dhéanfadh biseach di a rádh "croidhe agus cruadhogaí an tairbh bhric."
Rinne sí amhlaidh agus ag teacht don rí bhí sí ag caitheamh amach fuil na circe.
D'fhiafruigh an rí caidé a dhéanfadh biseach di agus dubhairt sí " croidhe agus cruadhogaí an tairbh bhric."
Dúbhairt an rí go gcaithfeadh siad iad a fhághail agus thug ordú don bhúisteoir seasamh ag an gheafta lena thuagh agus gur bé an tarbh breac an chéad bheathach a thigeadh isteach ar an gheafta.
Bhí fios ag an tarbh agus d'innis sé do'n bhuachaill go raibh búisteoir le bheith ag an gheafta agus eisean a chonbhail ar gcúl an lá seo. Rinne an buachaill bó bhreac a chur ar an toiseach agus bhuail an búisteoir buille dá thuagh agus mharbhaigh é. Tugadh an croidhe agus na cruadhogaí do'n bhainrioghan agus ar ndóighe tháinig biseach uirri. Lá thar na bhárach chualaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conn Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bheathaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall