Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an síogaidhe air ag Taoibh an Locha agus bheir an Baoghlach greim láimhe air agus thug buidheachas mor dó,nó go raibh an-gaisgiacht déanta aige. D'iarr ar an síogaidhe innse dó scéal an troda nó go maith go b'fhiú a chloinnstean ach sé dubhairt an síogaidhe "Ní dhéanfaidh a'n duine aca siúd creach go deo."
Ansin dubhairt a' Baoghlach "Fanochaidh tú agam go deo". " Fanochaidh, go ndéanfaidh tu leithcheal orm", arsa an síogaidhe.
D'imigh siad leo go dtáinig siad fhad le teach beag. Tháinig bean a toighe amach le gugán bláiche.Bhí ba na mná seo 'sa tiomaint a d'imigh leis an chreach agus bhí siad indiaidh theacht 'na bhaile arais agus smaoitigh sí gur seo an bunadh a cheap iad.Shín sí an gugán chuig an Bhaoghlach nó níor shamhail sí gurb é an créatúr beag ar an stail a rinne dadaidh.D'ól an Baoghlach an bainne uilig agus nuair a bhí an braon deireanach ólta aige dubhairt an síogaidhe gur luath a rinne sé an leithcheal agus d'fhág slán aige agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall