Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 308

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 308

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 308
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Diarmuid mála fraoich leis go Cill Chluainigh agus chodlaigh ar an mála an oidhche sin. Chogaim Fionn a ordóg arís agus dubhairt gur ar Charn a' Mhaoin a bhí siad agus mhair siad mar sin go dtí lá amháin chodlaigh siad ro-fhada agus tháinig an oidhche orra ag Cill Riain agus rinne siad a leabaidh annsin. Tháinig an tóir orra agus beireadh orra ar chnoc i gConnacht. Baineadh moill astu ag troid le torc agus loiteadh Diarmuid comh mór sin go raibh sé a' saoradh an bháis nuair a tháinig Fionn fhad leis.
    Bhí buaidh ag Fionn dá dtabharfadh sé deoch uisge ghlan as boisibh a dhá láimh go duine ar bith a bheadh tinn go leisfeadh sé é.Nuair a tháinig sé fhad le Diarmuid d'iarr Diarmuid deoch air agus bhí Fionn ag tógbháil an uisge nuair a fuair sé amharc ar Ghráinne agus leig sé de'n uisge tuitim eadar a mhéara. D'iarr Diarmuid an deoch athuair agus nuair a bhí Fionn dá thógbhail athuair fuair sé amharc eile ar Ghráinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Braonáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall