Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chormaic. Dálta achan chailín óg nach raibh amuigh go minic agus nach raibh aithne aici ar na Fiannaibh thoisigh sí ag cur ceist ar a' chuid eile cé iad féin.
    "Cé hé an buachaill an-dóigheamhail sin?", arsa sise ag taisbeaint Dhiarmada.
    "Sin Diarmuid Ó Duibhne," arsa siadsan.
    " Cé hé sin?". " Sin Oisín.", " Sin Oscar" agus ins an deireadh d'fhiafruigh si " Cé hé an seanduine liath sin?"
    "Sin Fionn", arsa siadsan agus thoisigh an seitreal agus an siosarnaigh.
    Annsin d'fhiafruigh sí "Agus caidé thug Fionn agus na Fianna anseo anocht?
    "Ó,", arsa na cailíní," an sin a bhfuil d'fhios agatsa? Nach bhfuil fhios agat gur le tusa a phósadh a tháinig Fionn annseo anocht."
    Ní phósfaidh mé go bráth a leithéid", arsa Gráinne agus thoisigh sí ag caoineadh."Dá b'us gur Diarmuid nó Oisín a bheadh le pósadh agam ach an seanduine críonna caithte sin" agus tháinig rabharta feirge uirri. Anois, ba hí ingean an ríogh i gcomhnuidhe a bhéarfadh an deoch dheireanach ag cuirm agus ba an deoch ab fhearr den iomlán í nó chuirti spiosraí ins
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Braonáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall