Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Scéal Ard an Fheannaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Fuaireas ó Mháire Bean Uí Bhraonáin fosta.
    Nótaí fán scéal 'Ard an Fheannaidh'
    1. Tá an lorg go raibh dún ann le feiceáil go fóill.
    2. Síos dhá thaobh na habhna tá sean reilig agus na cnapáin bheaga ins na páirceannaaibh mar uaigheanna.
    3.Is minic a fuarthas ins na páirceannaibh chéanna seo píopaí an-bheaga ar fad a dtugadh siad ' píopaí Lochlannacha' orthu;píopaí beaga créafóige, cuid acu dubh go maith, cuid eile chóir a bheith saor ó mharc ar bith.
    4.Tá Ard an Fheannaidh ar an talamh s'againn féin agus tá radharc le fáil go dtí Gort na Muclach a bhfuil cuid de bhaile na nGleanntach tógtha air.
    5. Chonaic mé féin 'píopa Lochlannach' a fuair m'athair Pádraig Ó Braonáin- ar dheis Dé go raibh a anam.
    Róis Ní Bhraonáin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Bhraonáin
    Inscne
    Baineann