Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 289

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 289
  3. XML “Scéal Ard an Fheannaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a shroich siad leaba Fhinn bhí Diarmuid Donn ina shuí ar an cholbha agus chroith sé a cheann leo,nach raibh gar ann; go raibh Fionn ag fáil bháis den náire.
    Dá mbeadh sé i mbéal an bháis ní ligfinnse dó é a shlogadh" arsa Goll agus chuaigh suas go colbha na leapa.
    " A Fhinn Mhic Chumhaill", a deir sé, " seo chugat cinn an dáréag a d'imigh ó pháirc an áir: Seo chugat creacha an chabhlaigh a bhí acu ar an Ghaoth Bearra, seo chugat cuid de luaith an chabhlaigh sin" -dá chaitheamh air- "agus éirigh ó do leabaidh nó níl duine nó diúlach anois fágtha le scéal a dhéanamh ort:"
    D'éirigh Fionn de phreab as a leabaidh, hullmhaíodh agus rinneadh réidh an féasta a ba mhó dá raibh ariamh acu,thoisigh an ceol agus an seinm agus mhair an coirm sin seacht lá agus seacht n-oíche.
    Thug na Fianna Ard an Innseochais air ina dhiaidh sin ón innse a rinne Conán, ach tá Ard an Fheannaidh air go dtí'n lá inniu.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Bhraonáin
    Inscne
    Baineann