Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 286
- XML “Scéal Ard an Fheannaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)troid a thabhairt uirthi. Bhí na Lochlannaigh ag titim mar thoradh ó chrann lá gaoithe móire. Bhí an t-aer dubh le clocha móra, clocha beaga, mionchlocha, méaracáin. Bhí an ghrian ag dul faoi nuair a theith na Lochlannaigh agus dena slóite a tháinig aníos taobh na habhna an lá sin níor imigh ach dáréag cloigeann uilig. Ní raibh le feiceáil ach coirp fear.
Tháinig na Fianna aníos agus chonacthas luaith na tineadh agus chuir siad uilig an-sonrú inti.Cronaíodh Conán agus nuair a fuarthas é bhí sé ina chnap codlata ag taobh na feola. Músclaíodh é agus thoisigh siad uilig air fán dóigh ar chodlaigh sé leis agus iadsan ag troid agus thug siad an dubh bhail air lena gcuid teangacha.
Ins an deireadh tháinig fearg air." Ach gur bé mise is beag a bheadh le rá agaibh uilig ar an bhomaite", arsa seisean. Rinne siad gáire magaidh air ach thoisigh sé agus d'inis sé fán dóígh ar las sé an tine a mheall na Lochlannaigh chucu gan arm gan éideadh. Lig siad uilig gártha molta astu agus rinneadh an buíochas agus comóradh do Chonán - uilig ach Fionn. D'éirigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann