Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Scéal Ard an Fheannaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an Dá Dhruid slóite na Lochlannach fána chuid arm agus éididh.Bhí siad ag déanamh scáile dhubh idir na Fianna agus an ghrian.
    "Cogain d'ordóg , a Fhinn Mhic Chumhaill, agus léirigh dúinn caidé atá a dhul a 'éirí dúinn", arsa Goll Mac Móirne. Chogain Fionn an t-ordóg ón chneas go dtí an fheoil, ón fheoil go dtí an fhuil, ón fhuil go dtí an cnámh, ón chnámh go dtí'n smior agus ón smior go smaois.
    "Ta,"arsa Fionn,"tiocfar orainn agus muirfear uilig sinn mura ndéanfaidh muid crógacht céad ár nduine." Lig na Fianna uilig scairt d'aonghuth go ndéanfadh siad "crógacht céad" achan duine.D'imigh siad uilig ansin a fhad leis an tsruthán ( Sruthán an Chró Mhóir) agus nigh siad an dusta agus an tsalachar díobh uilig ach Conán Maol. Shuigh Conán san áit chéanna ag dréim le greim bí a fháil i nganfhios nuair a gheobhadh sé an chuid eile ar shiúl, rud a fuair. Bhí sé ar a sháimhín suilc ag ithe agus an chuid eile ina luí thart ar dhá thaobh na habhna, a gcuid léinteach spréite acu dá dtriomú agus an áit a spréigh Fionn a léine an lá sin tá " An Léine" mar ainm air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Ua Bhraonáin
    Inscne
    Baineann