Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 282
- XML “Scéal Ard an Fheannaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air ins an am. Bhí radharc le fáil ar dhún Lochlannach a bhí ag Gort na Muclach agus ní thiocfadh leis na Lochlannaigh bogadh i ngan fhios de na Fianna a fhad is a bhíodh siad ag seilg ar an tSealgán.Ins an am seo bhí nós ag na Lochlannaigh tinidh a chur amach ag a gcuid dún nuair a thiocfadh cabhlach i gcuan le hinnse dóibh cá raibh a gcuid carad agus ansin thiocfadh na Lochlannaigh go dti na dúin seo agus bheireadh leo muintir a' dúin go dtí go ndéanfadh siad scrios ar an mhuintir a b'shaibhre thart sa dúthaigh. Lá breá Samhraidh bhí na Fianna a' seilg ar an tSealgán agus ní raibh le cluinstin ach adharca binne dá séideadh, ceol binn na gcon ar lorg na dtorc agus greasadh géar na bhfear. Chuaigh an seilg sin fríd an Ghleann Mhór, fríd Shrath Chaisil, anuas Mín na Mall Shrath, isteach thar an Chnoc Ramhar, síos an Malaidh, trasna Sruthán an Chró Mhóir, suas Mín an Fhia, amach go Loch a' Chaisleáin agus ó sin go Loch Mhic a' Bháird. Ní rabhthas sáraithe, corraithe nó tuirseach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann