Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar maidin lá ar na bharach chur Leichin an gasur leobhtha. Níor bhfada go dtáinig an tarbh fhad leobhtha agus leis an fhearg a bhí air bhris sé a dhá adarc ar charraig. Nuair a chonnaic an Fearghamhain é léim sé ar a dhruim agus mharbh sé an tarbh, agus an bhúirfeach a rinne sé bain sé mac-alla as na carraigeacha. Annsin dhfeann siad é agus rinne siad ceatramhnacha dé agus d’fiafruigh an Fearghamhain cé d’iomcurochadh iad abhaile.
Beirfidh mise ceathramha liom arsa Goll. Bheirfidh mise ceathramha liom arsa Osgar. Bheirfidh mise ceathrama liom arsa Diarmud. Bhal maise bheirfidh mise cheathramhadh liom arsa an Feargamain. Rinne siad teine chreas agus rás fuighealach na feola agus d’ith acan duine a shaith. Annsin thug siad a naghaid ar an bhaile agus ar maidin lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall