Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)

Suíomh:
Dúbinn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doobin
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Ceití an Chúil Ghearbaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    shaoil an chailleach ar fad gur Ceiti a bhí ann agus ní rabh am ar bith ar smaointigh sí uirthi nar bhual sí ní ba chruaidhe. Sa deireadh rinne sí amach go n-amharc [ad]? sí caide a bhí ins an mhála agus nuair a thóg sí é agus d’amharc sí caide a bhí ann agus chonnaic sí an croc ime léighte agus an cat agus an pigin agus an coilean na gcual cnámh is uirthi a bhí an fhearg, agus nuair a d’amharc sí thart agus chonnaic sí an coileach ar shiubhal bhí fhios aici go maith gur bhual Ceiti cleas eile, uirthi agus bhí sí ar daoraidh agus thug sí miona go gcuirfeadh sí Ceiti chun báis. D’imtigh sí léithi comh gasta as thiocfadh léithi agus bhí sí ar bhruach na habhna nuair a bhí an chuachog tocairte ag Ceiti ar an taobh eile. Ó spréagh ort a Cheíti arsa sí Caide atá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dúbinn, Co. Dhún na nGall