Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 241
- XML “Ceití an Chúil Ghearbaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa Ceití tabhair damh gráinín salain. Thug sé an salann di agus d’imtigh sí léithi go dtáinig sí go dtí tobar a bhí ar an bhealach agus cé bheadh annsin acht an fear agus an claidheamh solais agus é crom síos ag an tobar ag tógal uisge. Ba mhaith an mhaise da Ceiti é cuir sí a bois le na thóin agus tuit sé isteach ar mhullach a chinn. Fuair Ceiti greim ar an chlaideamh agus d’imtigh léithi ag tarraingt ar an tighearna agus nior b’fada a chuaidh sí nuair a chonnaic sí bean an fir na diaidh. Tug Ceití de na sábtaibh é agus nuair a thainig sí fhad leis an tsruthan chaith sí an cuacog tar an tsruthan agus bhí droichead bréagh air le í a dhul trasna agus ní rabh ann acht go rabh an chuacóg tocairte aici, agus an droicead ar siubhal na bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall