Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)

Suíomh:
Dúbinn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doobin
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “An Chaora Dhubh - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí na geasa ar siubhal agus bhí an cailin mar dfág na leas-dheirbhsiúracha í. Rith sí abhaile agus bhí achan rud deanta ag a caora dhubh dí agus nuair a tháinig an dream eile thoisigh siad ag innse fan oidhche agus an dóigh a rabh mac an Iarla le dhul thart lá ar na bhárach go bhfeicfeadh sé cé an cailín a bhfóirfeadh an bhróig dí agus gur bhí sin an cailin a phósfadh sé. Nuair a connaic na cailiní eile ag teacht mac an Iarla chuir siad an cailin faoi bharaile ar eagla go bhfeicfeadh sé comh bratógach is a bhí sí. Ní rabh duine ar bith de’n truír nár bhain na sála dobhtha féin ag iarraidh bhróg a chur ortha acht ní rabh gar ann. Nuair a bhí mac an Iarla ag imteacht chonnaic sé an baraile ag bogadaigh agus d’fiafruigh sé caide bhí faoi an bharaile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall