Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)

Suíomh:
Dúbinn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doobin
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “An Chaora Dhubh - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus rogha gach dighe, agus nuair a bhí a sáit itte ag an chailin dimtigh an chaora dubh agus bhain sí an biorán suain as cionn an chailin eile agus mhusgail sí. Thuit seo amach achan lá ar feadh trí lá agus nuair a théigheadh ingean na bainrioghana abhaile d’inniseadh sí da máthair mur chuireadh an chaora dubh a chodladh í agus nach musglochadh sí go rabh an tráthnóna ann. Chuaidh an bhain rioghan go dtí cailleach na gcearc agus d’innis sí an sgéal dí agus d’iarr cailleach na gcearc uirthi a dhul abhaile agus leigean uirthi go rabh sí iongantach tinn. D’iarr sí uirthi coileach beag a marbh agus an fhuil a chur isteach i gcupan agus é fhágal taobh shiar di ins an leabaidh agus nuair a thiocfadh an Rí isteach ins an tseomra í bolagam den fhuil a ól i gan-fhios dó agus annsin é a chaitheamh amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall