Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 178
- XML “Cealgadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Míniughadh an chealgadh ar an leathanach eile. Dá dheirbhshiúr a bhí 'na gcomhnaidhe leobhtha féin agus d'fuadaigh na daoine beaga cailin aca agus bhí comh comgarach ag an chailin a bhí fágta agus go dtiocfadh léithí a cloinstean 7 a fheiceal ach na rabh an deirbhshiúr a bhí ins an bhaile ábalta an ceann eile a fheiceáil. Bhí an ceann a bhí i Lios na Sí [?] ag bogadh an chliamhain agus sin an cealgadh a bhí aici don leanbh. Ag smaoineteadh go dtuigfeadh a deirbhshiúr í nó ní rabh sí ábalta sgéala a thabhairt dí ar dhóigh ar bith eile. Máire Nic Fhloiinn, Mín an tSionnaigh, Baile-na-Finne, 60 Bliadhain d'aois.
I
Is fada 's fada bhí tú amuigh
Cad cuige nach dtáinig tú indiu nó indé
Sé seo an baile nach mbíonn i bhfad
Gach duine feitheamh, dtiocfaidh grá [xxx]
II
Dá m'ise an t-éan a rachadh fhad
Sa dfuighfeadh mo nead amuigh mo dhiaidh
Chuirfinn anall cumhartha faoi na brúg
A bearfadh di fuath gach éan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall