School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 157
- XML “Na Seacht gCúpla Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin i mbéal a cinn. Siubhal sé leis go rabh an neoin beag agus deireadh an lae ann, agus thainig sé fad le caislean agus teach beag le na taobh. Rinne an maighistir é fastodh ar feadh lae agus bliadhna agus ní rabh mórán oibre le deanamh aige acht aire a tabhairt da mhucha. Bhí uaigneas iongantach air mar ní rabh duine ar bith ins an chaislean acht é féin agus an maighistir.
Tráthnóna amháin nuair a bhí a cuid oibre uilig deanta aige chonnaic sé an maighistir ag teacht chuige. Anois arsa an maighistir bheirfidh mise chúig phunnta duit mo théidheann tú agus suidhe ins an teach bheag sin shuas anocht go maidin agus innse damsa ar maidin caide mar chaith tu an oidhche. Maith go leor arsa an gasur deanfaidh mé mo dhicheall. D’éirigh sé ‘na sheasamh agus chuaidh sé(continues on next page)- Informant
- Cait Nic Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall