Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)

Suíomh:
Dúbinn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Fhloinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doobin
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    Ag éirigh amach ar maidin domh

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    III
    Thuit muid ‘un tuirse ‘s un bróin,
    Is dfiafruigh mé dón oig mhnaoi chaoin.
    Ca bfuigeadh muid gloine le hól.
    A thógfad an brón seo dinn.
    Tá teach beag i leat-taobh an róid
    Is coinnigheann sé ‘g comnuidhe braon.
    Gabh thusa is rapal an bórd.
    ‘S ní thiocfaid ort feoirlín dhíol.
    IV
    Nuair chuaidh mise isteach go [tigheól]?
    Badh fhaiteach go mór mé suidhe.
    Ar eagla go dtiocfadh an tóir
    Is go mbainfidh an oig-mhnaoi díom.
    Bhí biotaite fairsing go leor.
    Is beagan dí da h-ol sa ur,
    ‘S da n’ólfainn-se gallun Uí Domhnaill
    Bád furust mo sgór a díol.
    V
    Nuair a fuair muid gac cinneal ar fhoir dúim.
    Se d’fiafruigh an oig-mhnaoi chaoin.
    Ca háit i mbíonn tú do chomhnaidhe.
    No gcoinnigheann tú cró duit féin.
    O’ bím-se seal i dtig n’ól
    ‘S ní dheanamh aon lon den phiginn.
    Acht an méid a saothruighim sa ló
    Go gcaithim é le spórt san oidhche.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall