Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 110
- XML “An Chliobóg Ghorm - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dó sin arsa an comharsan na tá an solas is deise aige ins an stábla dá bhfaca mise ariamh. An mar sin atá arsa an maighistir agus ar a theacht isteach don ghasúr dubhairt an maighistir leis go gcuirfeadh sé chun báis é ar an bhomaite é muna dtéigheadh sé amach agus an solas a bhí aige ins an stábla a thabhairt isteach. Chuaidh an gasúr amach agus thug sé isteach an leabhar a rabh ribe na gruaige innti. Anois arsa an maighistir cuirfidh mise chun báis ar an bhomaite thú muna dtéigh tú agus an cailín ar fhás an ribe sin uirthi fhághail damhsa. Ní rabh fhios ag an ghasúr bhocht caidé bhí le déanamh aige. Agus chuaidh sé amach agus d'innis sé an sgéal uilig don chliobóg gorm. Ar ndóigh ar sise d'iarr mé ort gan baint don rud nach mbaineann duit." Gabh isteach agus fiafruigh don mhaighistir an leigfidh sé mise(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Floinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall