Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 107
- XML “An Chliobóg Ghorm - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beag agus deireadh an lae ann. Tháinig sé fhad le caisleán mór agus chuaidh sé isteach. Casadh an maighistir dó agus chuir sé ceist air caidé bhí dhíth air. Dubhairt an gasúr go rabh sé ag cuartughadh fastódh go cionn lae agus bliadhain, agus dubhairt sé leis nach mbeadh dadaidh aige le déanamh acht aire a thabhairt do thrí cliobogaí a bhí ins an stábla, acht nach rabh an nduine istigh san stábla le seacht mbliadhna agus nár glanadh amach é leis an oiread sin ama.
Maith go leor arsa an gasúr dhéanfaidh mise mo dhícheall.
Ba mhaith an mhaise dó, d'éirigh sé go luath maidin lá ar 'na bhárach agus chuaidh sé fhad leis an stábla agus suas ar a mhullach fhad le poll ar a gcuirtí síos fear agus deoch chuig na clioboigí. D'amharc sé síos agus chonaic sé na trí cliobóigí badh deise da bhfaca sé ariamh dhá cheann aca donn agus an ceann eile gorm. Bhí an stábla lán aolaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Floinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall