Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 408
  3. XML “An Chearc agus an Lach”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair cearc agus lach píosa ime, gach ceann aca in am amháin. D'alp an chearc siar giota s'aice fhéin ach chuimil an lach an giota a fuair sí fhéin thart uirthí fhéin uilig. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu má bhíonn an chearc amuigh i bhfearthainn bíonn cuma dhíblíghe uirthi ach sé rud a fhóghnann an fhearthainn de'n lach siocair gur chuimil sí an bealthú díthe féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí an geimhreadh ann agus é an fhuar. Bhí an madadh ruadh ...

    Bhí an Geimhreadh ann agus é an fhuar. Bhí an madadh ruadh ag siubhal thart agus é d'a fhleaitheadh agus ars seisean: "Nuair a thiocfas an Samhradh dheánfaidh mise teach." Thainic an Samhradh agus bhí an madadh ruadh ag gabhail thart agus a theangaidh amuigh le teas agus ars seisean: "Dheamhan teach ná teach."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann