Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 406
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Thainig an bás go fáilthighe chugam ar cuairt.
Chraith sé liom lámh; "Bí sásta, thainig an uair.
O chuaidh mise un do pháirt go bráthach
ní sgarfaidh mé uaidh
Go bhfágaidh mé do chnámha ag do cháirde
sgillte san uaigh.
II
A Chonaill Uí Chaoin, a iarraibh na bhfeara
bhí sáthach
An leigfidh tú mise síos faoi sgríb anois
leis a' bhás.
Giolla an ghoib chaoil a bhfuil fiadh ar
ghach ribe de go bárr
Ag teacht mar bhéadh daol ann ag
scríobadh croicinn a's cnámh.
III
A Rí na gcarad, caidé mar thug Tú damh
spéis no geall,
Mo chréatúr chaithte mar mise gan feóil
gan saill,
Gan maoin, gan talamh, gan dadaidh le spréidh
le roinn,
Gan bó, gan gamhain, gan dadaidh
ach briathra an chinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann