Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 269
- XML “Deireadh na bhFiann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deireadh na bhFian
Réamh-Rádh - Mar-an-gceadna.An Sgéal.Tús:
Ní rabh mé fhéin ariamh gan sgéal-úr nó sean-sgéal. Da mbéidhinn gan aon sgéal, chumfainn fhéin sgéal, nó rachainn na Frainnce fa dhéin sgéil. Da mbéidhinn bódhar ní chluinnfinn é, 'sda mbéidhinn balbh ní thiocfadh liom é innse ach nuair atá sé agam innseochaidh mé é.
Bhí sin ann ibhfad oshoin agus ibhfad oshoin fhéin é. Nuair a thainig Niamh Chinn Óir go h-Éirinn ar lorg Oisín thug sí sgian do na Fianna darbh' ainm dí "An Sgian-Ranna" agus "muna leagtar an sgian sin ach ar cheathramhadh d'fhiadh gheóbhadh seacht gcátha na bhFian a sáith."
Chuaidh na Fianna amach a sheilg lá amháin agus an sgian-ranna leóbhtha. Ní dheachaidh siad abhfad gur mharbh siad fiadh. Rinn siad teine, rós an fiadh, rinn codtracha de leis an sgin agus fuair iomlán aca a sáith.
D'imthigh siad leóbhtha. Thainig siad fhad le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Ó hÉaghrain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Duáin, Co. Dhún na nGall