Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Luacháin
- XML Leathanach 157
- XML “Mac Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig sise ar maidin. Bhí dhá oiread iongantais uirthi an t-am seo acht níor dhubhairt sí dadaidh.
An oidhche sin mearacán a fuair sé. Thug sí leithe é i lár na h-oidhche chuig an fhathach. Scamhlail sí go maith é agus thug do an méaracán. “Sin i gcúl mo dhuirn é” ars an fathach, “ní bhfuighidh duine ar bith é go marbhaidh sé mé leis an claidheamh ata ós cionn an dorais. Dimthigh sise. Thug an fear beag leis an claidheam. Chaith sé an ceann dé’n fhathach agus thug leis an mearacán. Thug sé do mhac an righ é. Nuair a connaic inghean na bainrioghna go rabh an mearacán aige ar maidin chuaidh sí ar an daoraidh. Dimthigh sé sí chuig an fhathach, acht bhí sé marbh. Chuaidh sí chuig cailleach na gcearc. Dinnis sí deireadh duithe. “Níl tú bainte”, arsan cailleach, “muna bhfuil duine de chuid fear ábalta rása a dheánadh liom-sa go tobar ata fiche míle ar shiubhal agus arais le buideal uisge romham. caillfhid mac an righ a cheann” Dinnis sí sin do mhac an righ. Sgairt ar “Cos lútmhar” agus cuireadh a rachaidh leithe ó. Nuair a bhí sise leath bealaigh ag dul bhí seisean leath bealaigh ag teacht arais. “A dhuine bhoicht”, arsa sise, “tá tú tuirseach. Cuir do cheann in m-ucht agus codhlaidh”. Rinn sé sin. Sháith sí biorán suain ina cheann. Thug sí leithe an buideal uisge uadh agus dimthigh. Bhí mac an righ ag deánadh amach go rabh sé i n-am ag Cos Lúthmhar a beith ag teacht arais. Sgairteadh ar “Cluas le h-Eisteacht”. Deíst sé agus dubhairt sé go rabh “Cos Lútmhar”(leanann ar an chéad leathanach eile)