Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Mac Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear beag “mothuigheann sé an féar ag fás, fostuigh é sin fosta no béidh gnoithe agat leis”. Dfastuigh mac an rig é. Shiubhal siad leobhtha agus sa deireadh chonnaic siad fear na shuidhe ar thom aiteannaigh agus ag dul o taobh go taobh agus ag brúghadh. “Cé é sin” arsa mac righ na h-Éireann “agus goidé an fáth a bhfuil se na shuidhe annsin a’s é ag bogadaigh mar sin”. “Sin Tón Cruadhach”, arsan fear beag “dheanfaidh sé an rud a ba ghairbhe a chonnaic tú ariamh comh sleamhain le gloine, tabhair leat é sin fosta nó béidh gnoithe agat leis”. Thug mac an righ leis é. Dimthigh siad leobhtha go dtainig siad fhad le pairc mór. Bhí sgaifte gearrfhiadha astoigh sa pháirc. Bhí fear taobh amuigh dé’n páirc agus bhí greim aige ar cheann de a chuid cosa agus bhí sé ag leimnigh tart tríd fan páirc agus gan ag leigint do oiread a’s ceann amháin dul amach aistí. “Cé é sin” arsa mac an rígh “no caide an fáth a bhfuil sé ar rith a’s cós amháin tógtha dé’n talamh aige”. “Ó sin Cós Luthmár”, arsan fear beag “da leigeadh sé an dá chos síos ar an talamh bheadh se ró-ghásta agus nuair a leimeadh sé bhead se i bhfad thar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Teanga
    Gaeilge