Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na cailligh agus scairt go raibh sé ag díol ubhlaí a raibh -an- leigheas ionnta. Chuir cailleach na g-cardaí a ceann amach ar an fhuinneog agus d’iafruigh ce mheud a bhí siad an ceann. “Gíní an ceann”, arsa Séan. Ceannuigh an cailleach ceann aca ar an droch uair dithe fhein.
Sheasuigh Jack ag taoibh na fuinneoige go bhfeiceadh sé caidé a tharlochadh. Acht ní fada a sheasuigh sé nuair a chonnaic sé da adharc ag teacht amach ar an fhuinneoig. Thoisigh siad ag éirigh níos fuide agus níos fuide go dtí go deachaidh a mbarr amach is amharc. Dimthigh Jack agus nuair a tháinig sé arais bhí barr na n-adharc ag dul anonn Srath-An-Urlair. Bhí dochtuirí ag tabhairt comhgaisí do’n mhnaoi agus bhí baicle fear ag iarraidh na h-adharca a tharraingt dí. Bhí a mbonnaí le teann agus bhí siad ag tarraingt comh maith is thiochfadh leóbhtha. Acht ní raibh gár ann.
Leig Jack air fhein gur doctúir a bhí ann agus go dtáinig sé go leásfadh sé an bhean. Thug sé giota beag de ubhall dearg daoithe agus annsin déirigh na h-adharca níos fuide. Dubhairt Jack go dtiocfhadh sé aráis lá tar na bharach.
Nuair a tháinig Jack an lá na dhiaidh sin dubhairt sé go raibh eagla air gur ghoid sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)