Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus níor stad sé go raibh sé sa’n choill atá taoibh amuigh de Bhealac Feidh. Bhí ocras air agus ní raibh fhios aige caidé a ba choir do dheánamh. Sa deireadh chonnaic sé ubhlaí móra dearga ag fás shuas ar chrann agus rinne sé amach go mbainfeadh siad an t-ocras de. Bhain sé ceann aca agus dith é acht ní luaithe a dith no thóisigh adharca ag fas air. Dfas siad agus déirigh siad comh rada as na dtiocfhadh leis a mbarr a fheiceail. Ag na thaoibh bhí crann beag ag fás a raibh ubhlai beaga glasa air. “Caithfidh sé”, arsa Jack, “go bhfuil an mé-adh i ndán damh, acht bfhéidir go n-deanfadh na h-ubhlaí glasa seo maith damh nó ní thiochfadh liom a bheith níos measa na tá me”.
Shín Jack amach a láimh agus bhain ubhall glas agus dith é. Ní luaithe an t-ubhall ithe aige na thuit na h-adharca de. Bíodh fhios agat go dtug sé buidheachas dó Dhia. Acht bhí sé comh lag indiaidh an scannruighthe (a fuair sé) agus gur b’éigin do suidhe síos ar feadh tamaill.
Annsin bhain sé cuid mhór de na h-ubhlaí dearga agus cuid de na h-ubhlaí glasa agus thug a aghaidh ar Bhealach Feidh airís.
Stróc sé a chuid éadaigh le cuma ghiobhach a chuir ar fhein agus é fhein a chuir as aithne. Annsin chuaidh sé síos an t-sráid. Sheasuigh sé ag fuinneog(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)