Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chaitheam amach ar an doras rud a rinne.
Déirigh Jack bocht agus a cnámha ghearr nimneach go maith agus dimthigh síos an t-sráid a innse do na dearbhrathaireacha caidé mar déirigh do. “Bhail ta cloca agamsa”, arsa duine aca, “agus nuair a chuireann duine ar fhein é téid sé as amharc, agus ma chuireann tú ort é ní bhéidh triobloid ar bith agat na rudaí a fhagail arais uaithe.
Theann Jack air an cloca thug leis bata droighinn agus chuaidh isteach go dtí an áit in a raibh an bhean. Thoisigh sé dhá bualadh agus mar nach raibh dadaidh le feiceail ag an chailligh acht an bata bhí sí ionghantach sgannruighte. Ins an deireadh chonnaic sí cos Jack ag teacht amach as faoi an chlóca, agus arsa sise “Ca bhfuil tú a Jack, tar amach as sin”. Go h-amaideach bhain Jack de an clóca agus annsin bhí se le feiceail airís. D’iafruigh an cailleac de caidé an dóigh a raibh sé ábalta é fhein a chuir as amarc agus dinnis seisean daoithe fan chloca. Bféidir go bhí an cloca damhsa” arsa sise, “ba mhaith liom é a fhiachailt orm”. Thug Jack an clóca daoithe agus chuir sise uirtí é, rug sí ar an fhideog, shéid i, thainig dhá chead saighdiuir agus chaith siad Jack amach ar an doras.
Anois shiubhal Jack leis béal a chinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)