Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Seán an Chlochair Dhuibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mhaith agus ins an deireadh bhí an tábla lodailte le h-airgead agus ní mó na go raibh áit leis na cardaí a imirt. Bhí iongantas ar an mnaoi goidé mar fuair Jack an méid airgid a bhí aige agus chuir sí ceist air fa dtaobh de Soineanta go leor dinnis seisean Jack daoithe fa’n spáran, agus arsa sise, “Taisbean an spárán go bhfeicidh mé é”. Thug Jack amaideach daoithe an spárán. Ghlac sise an spárán, fuair greim ar ghunna agus diarr air baint as amach.
    Dimthigh Jack amach agus dinnis do a chuid dearbrathaireacha goidé mar bhí. “Is furust sin a leigheas”, arsa duine de na dearbrathaireacha ná tá fídeog agamsa agus nuair a sheidhfidh tú agus tiochfadh dhá chead saighdiuir chugat a dheanfas abe an rud a iarrfhas tú ortha. Thug sé an fhideog do Jack agus chuaid Jack bocht chuig chailleach na gcardaí airis.
    Sheid sé an fhideóg agus thainig dha chéad saighdiúir chuige. Thoisigh siad ag tabhairt droch bhuile ar an chailligh. “Geall ar Dhia, agus tabhair ar shiubhal iad sin” arsa sise. Go h-amaideach shéid Jack an fhideog agus dimthigh na saighdiuirí. “Ó taisbeán damh an fídeóg sin go bhfeicidh mé í”, arsa bean na g-cardaí. Nuair a fuair sí an fídeóg, shéid sí í tháinig an da chéad saighdiuir agus diarr sí ortha Jack
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0560: The Magic Ring
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    30
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)