Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 139
  3. XML “Maghnus Mac Mhonagail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    casadh sé é tiocfadh tréan min coirce as go rabh [ag]? teach lán min coirce [aige]?. Bhí sé ag díol an coirce cupla scilling níos saoire na duine bith eile. Déirigh bean Maghnus ro bhrodamhail agus dimthig sí la amhain, nuair nach n-innseochadh se duithe cá áit a bfuair sé an bró. Nuair a chonnaic Maghnus an bhean ag imtheacht dinnis se duithe ca bfuair se an bró. Dá g-casadh sé o shoin e ní thiocfadh min coirce ar bith amach as. Glac Maghnus fearg agus thug sé leis an spád agus croiréan arais agus cuaidh se go dtí an corraidhe. Muná g-cuirfidh sibh inghean Lord Connor amach chugam doighfidh mé an spine. Chuir siad amach inghean Lord Connor chuighe. “Tá sí agat anois agis is beag an mhaith a dhéanfaidh sí duit no tá sé bodhar bolamh. Thug se leis abhaile i. Bhí Brighid ag gabhail un t-siopa lá amhain agus cualaidh sí an callán ins an spine. Sé an rud a bhí siad a’ rád, “Is beag an rud a leasochaidh inghean Lord Connor. Na[]? fhiaga agus ná barr bán atá orta a thabhairt duithe mar dheoch. Thainic Brighid abhaile agus dinnis sí do Mhaghnus caidé mar bhí. Fuair se ná faiga agus tug sí duithe mar dheoch iad. Deirigh sí comh doigheamhail is bhí sé ariamh. Tháinic an chainnt agus achan rud aráis. Nior stád se go rabh se i g-Connactaibh leí. Thuit an mhathair a [leige]? nuair a chonnaic sí an cailín ag teacht isteach. [Dfiuf]? Maghnus duithe nuair a tháinic sé chuice fhéin caide chuir a laige i. “O arsa sise ní fhacaidh me bean a bhí comh cosamhail le m’ingean a fuair bás ta bliadhain o shoin. Sin [dingion n]? maith agus comh slán is bhé sí ariamh. Dinnis sé deireadh duithe. Bhí Lord Connor ag togail sa in íochtar Connachta. Thainic sé abhaile agus bhí luthghair mhór air roimhe an ingean. Prionn se an talaimh ar Maghnus. Chuir se fachoinne Brighid agus tá an burt aca ná gcomhnuidhe i Connachtaibh o shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peg Nig Eiteigin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Briosláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Srath Buí, Co. Dhún na nGall