Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Luacháin
- XML Leathanach 125
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fairrge. Tháinig Murchadha Mór abhaile ‘as athas air no shíl sé go rabh Murchadha Beag báithte aige.
Acht bhí iongantas mhór air nuair a connaic sé Murchadha Beag amuigh ag cunntas an-rud bha. Chuaidh sé siar ag Murchadha Beag ‘as dubhairt leis “Shíl mise (mise) gur bháith mé tusa indé”. “Fuair mise na ba seo shios faoi an uisge nuair a chaith tusa síos mé”, arsa Murchadha Beag. “O taisbean damh-sa an áit a bhfuil na ba”, arsa Murchadha Mór, “bheadh tréan ba agam-sa acht muna bé tusa ‘as do chuid diabhlaidheachta”. Thug Murchadha Beag é go dtí áit a bhí os cionn na fairrge. Sin an áit is fearr a bhfuil ba anois” arsa Murchadha Beag. Léim Murchadha mór síos ins an uisge a’s báitheadh é.- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)