Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Luacháin
- XML Leathanach 124
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thóg sé Murchadha Beag amach is a leabaidh agus chúir isteach san mhála é. Dimthigh sé síos ‘na Dubhchorthadh agus [t]? Sa deireadh dfág sé an mála ar an bhealach mór agus dimthigh isteach i dteach éigin. Chuir Murchadha Beag poll ar an mhála agus tháinig amach agus chuir cloch isteach ina áit. Dimthigh sé suas ar chrann annsin a’s gan snaithe air agus thoisigh a cheol. Tháinig fear thart a rabh sgaifte eallaigh leis “Goidé faoi an spéir atá tusa a dheanadh shuas ar an chrann”, arsa seisean le Murchadha Beag. “Tá mé ag fanácht le dréimire a theacht anuas is na Flaithis le mise dul suas air”, arsa Murchadha Beag. “An bhfuil tusa ag dul suas comh luath sin”, ars’an fear. “Tá”, arsa Murchadha Beag. “An leighidh tú mise suas na BhFlaithis in dó áit an t-am seo. Gheobhaidh tusa suas ar ars’an fear. “Leigfidh”, arsa Murchadha Beag, “no gheobhaidh mise suas arais acht caithfhidh tusa do chuid éadaigh a bhaint díot má tá tú ag dul suas ar an chrann a fhanacht leis an dréimire”. Bhain an fear de a chuid éadaigh agus chuaidh suas ar an chrann. [Sgai]? sé anuas le Murchadha Beag, “Choinnigh na [b]? sin agus cuir ort mo chuid éadaigh-[sa]?
Chuir Murchadha Beag ar an t-éadach agus dimthigh abhaile leis na ba. Ins an am i láthair caith Murchadha Mór an mála ‘san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)