Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Scéal - An Bhean Bhocht agus Gráinne Óg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “bhal”, arsa seisean, “níl ann acht uisce sídhé agus níl maith ar bith ann. Caith isteach sa teinidh é”. Rinne an bhaintreabhach seo agus déirigh toit ghorm a líon an teach. Nuair a ghlan an toit ar shiubhal, dubhairt an diabhal, go raibh cuid de chumhacht Ghráinne [Oi]? uirthí glanta ar shiubhal. “Is duine maith a bhearfhas comhairle a leasa do dhuine eile”; arsa sise. “Tá croich cheásta agat, agus caith isteach é (í) sa teine fosta,” arsa seisean. “Níor mhaith liom”; arsa sise. “na ba í mo mhathair a thug damh i”. Acht nuair a thaisbeain sé sparán óir dí nach mbéad folamh a choidhche bhual sainnt an bhaintreabhach bhocht do ‘n t-saidhbhreas. Dubhairt an diabhal leithe go bhfuigheadh sí an spárán da gcaithfeadh sí an chroich chéasta isteach ‘sa teine.
    Chaith an bhaintreabhach isteach an chroich chéasta agus thoisigh fuil a theacht amach aistí. “há há” arsa seisean, “amharc fuil na sidheógh”. Thug an diabhal an spárán óir do’n bhaintreabhac annsin agus dubhairt sé leithe go raibh sí na bean shaidhbir anois. Dubhairt sé leithe annsin go gcaithfheadh sí a h-ainm a scríobhadh. Ní raibh an bhaintreabhach ábalta scríobhadh agus chuir sí marc ar an phaipeár. Choinnigh an diabhal an páipear leis an teine go dtí gur thriomuigh sé, annsin dinnis sé do’n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Cormaic
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Srath Buí, Co. Dhún na nGall