Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 95

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 95

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 95
  3. XML “Tairngreacht Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann agus bhí sé sean agus bhí an t-am ag cur an-ghéar leis agus chuaidh sé chuig Colm Cille a ghiarraidh comhairle caidé bh'fearr dó dhéanadh.
    Bhí Colm i ndiaidh leabhar na tarngaireacht a sgríobh: Caidé bhí dul agat féin a dhéanadh a deir Colm leis. "Bhí dúl agam oidhche dó chaitheadh in-athan teach," "tá an t-am cruaidh adeir Colm leis agus ba ghairid go níreochadh na daoine tuirseach duit.
    Smaoitighim amannaí a ghabhal a chruinniughadh, bhéadh sin onóireach arsa Colm, ach tá tú sean agus ní bheitheá abálta, oiread fhagháil is chongbhóchadh beo tú. Smaoitinn amannaí eile ghabhal a ghadaigheacht. Is beag an éadál an goid arsa Colm leis, ach sul ar fhág an sean-duine an teach bhí leabhar na tairngaracht goidé leis. Bhí sé i bhfad nuair a smaoitigh Colm ar an leabhar agus annsin thosuigh sé dhá chuartughadh.
    An chéad teach a dteachaidh Colm isteach ann, teach Olbanaigh. Bhí an leabhar ann agus d'fhiafruigh sé do Cholm caidé a bhéadh sé ghiarraidh ar an leabhar go ceann seachtmhaine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge