Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 29

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 29
  3. XML “Péist sa Loch”
  4. XML “Bealach an Bhracháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chonacthas i bhfad ó shoin peist san loch thíos ó'n sgoil seo - Loch Muice. Deir Conal Mac Suibhne gur chuala sé a athair a radh go bhfaca sé go minic é agus é óg. Níor facthas anois é suas le tríocha blian acht fá'n am sin chonnaic a lán daoine é agus bhí ionrádh mór ag duk thart fá dtaobh de. Druim ag éirghe os cionn an uisge - é an-mhór, an-dubh, gan ceann nó iorball air, cosamhail le eascon acht i bhfad ní ba mhó. Tá breac go flúirseach san áit anois.
    Conal Mac Suibhne, Loch Muice a thug an t-eolas sin damh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cathal Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Muc, Co. Dhún na nGall
  2. Déanadh é timcheall 50 bliadhain ó shoin. An Sagart Mac Aoidh a fuair déanta é mar aithghiorra do mhuinntir Mín a' Chait, Mín a' Líneachain, agus Bealach na gCruach isteach ag an Teach Phobail i mBaile na Finne. Ní raibh teach phobail ar bith ar an Éadan fá'n am.
    Bheireadh sé céad míne buidhe in áit airgid in aghaidh na seachtmhaine don bhunadh bhí ag obair ann, sin mar fuair sé a ainm.
    Bhí bealach cairt ann an uair sin agus bhí go dtí an bhliadhan gur tháinig an Tuile Mhór 1908 nó 1910. Tugadh ar shiubhal an dá dhroichead; níor cóiriughadh an bealach ó shoin.
    Pádraig Ó Cuinn Loch Muice a d'innis. Bhí sé ag obair ann an t-am go raibh an bealach a dhéanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.