Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 21
- XML “Gleann Shrath Chaisil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Séamus Ó Breanain, as Sráth Chaisil a cheap, nuair a chuaidh sé go dtí an Oileán Úr fá thuairim dá fhiechead blian ó shoin. Fuair mé é ó Mháire Ní Thiomanaidhe (25 blian) Mín an tSamhaí).i measg Sléibhte Thír Chonaill mar seód glas
Tá gleanntán fíór-áluinn in a luighe,
Is fíór-ghrádh mo chroidhe-se do'n bhaoll sin
Ní féidir a choidhche a chlaoidh
'Sé mo ghrádh-sa grádh láidir an deóraidhe
Do'n áit a bhfaca mé an chéad uair an lá,
'N áit a chaith mé le pléisiúr m'óige
Go subhailceach, neamh-buartha gach tráth.A ghleanntáin ghlais ghrianmhar na nóinín,
A bhaile bhig áluinn na gcraobh,
A léanta tá breacaighthe le samharcáin,
'Sé a thigh bhig ar imeall an fhraoigh,
Os orraibh-se a mheabhruighim go minic
Cidh gur fada ar shiubhal uaibh atáim,
Ná ní laigheadann fad talaimh na fairrge
Fíór-ghrádh mo chroidhe na mo dháimh.Is fíór 'as is fearamhail a mhuintear
A chómhuidheas go suairceash annseo,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Thiománaidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Mín an tSamhaidh, Co. Dhún na nGall