School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 10

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 10

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 10
  3. XML “Tobar i Srath na gCapóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Leagan eile ar sgéal An Tobair i Sráth na gCapóg atá ann.
    Maighréad Nic Mheanmom , Fliuch Mhín(páiste sgoile, 14 bl.) a fuair ó na h-athair é. Micheál Mac Meanmon is ainm dó, (timcheall 60 bliadhna d'aois) agus chuala sé an sgéal ó n-a athair sa GHlaise, áit a rugadh agus a tóigheadh an bheirt aca. Chaith siad seal gearr iin Albain ag baint an Fhoghmhair.
    27-7-34
    Bhí cailleach agus seanduine in a gcomhnuidhe thíos i Sráth na gCapóg. Bhí siad pósta agus ní raibh teaghlach ar bith ariamh ann. Ins an deireadh bhí dhá mhac ann. Chuaidh na fear amach agus bhí dhá shearrach óg ag an chapall, bhí dhá éan ag an seabhach agus bhí dhá choileán ag an chú. Bhí na buachaillí ag dul thart go raibh siad mór agus iad ag nighe iad fhéin ag an tobar gach lá.
    Lá amháin rinne an fear ruadh acu amach go n-imthigheadh sé ag saothrughadh a phortáin. D'imthigh sé agus d'innis do'n fhear eile dhá dtigeadh rud ar bith air go dtiocfadh íochtar meala agus uachtar fola ar an tobar a bhí ag an teach. Ghread sé leis go dtí go raibh neoin agus deireadh an lae ann. Thárla isteach i dteach é. Bhí cailleach mhór ins an teach agus d'iarr sé lóistín uirri. Thug sí do é. Tharraing sí trí ribe gruaige as a ceann agus d'iarr sí air a cú, an seabhach, agus an capall (a bhí leis) a cheangailt leo. Rinne sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Nic Mheanmon
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Micheál Mac Meanmon
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    c. 60
    Address
    An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall