Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní tug mé liom agus ní thabharfaidh mé uaim, Cailleach na nDorn ní raibh aici anois acht Fuarughadh ins an chroiceann a théidh sí ann. nó cá raibh dí ghabháil i ndearbhaidh lainne leis an triúr a d’áirtigh leo a cuid gleásaí, bhí an baile socair anois go dtáinig an Foghmhair. Annsin d’éirigh acrann úr nuadh, Fir na h-áite bhain siad agus shábháil siad arbhar na gCailleach a’s rinne cruach amháin de mar ba ghnáth leo dheánamh, Fá rann na cruiche a d’éirigh an scannsáil. Chuadhthas chuig saoi, agus draoi, agus dall, acht charbh Fhéidir an rud a bhí ann a shocrughadh go dteachta chuig Ó Domhnaill é Féin “Rannaigidh an chruach i dturdáin ar an cheathrar” arsa Ó Domhnaill.
Rinneadh amlaidh, acht caidé bhí ann acht turdán de bharraidheacht. Chuadhthas chuig Ó Dhomhnaill aríst “Rannaigidh an turdán i stucaí ar an cheathrar arsa Ó Domhnaill. Rinneadh sin acht caidé bhí ann acht stuca de bharraidheacht Chuadhthas chuig Ó Domhnaill aríst. “Rannaigidh an stuca i sopóga ar an cheathrar” arsa Rí Thír Chonaill. Rinneadh amhlaidh, acht cáide bhí ann acht sopóg de bharraidheacht “Is liomsa an phunnann sin,” arsa Píonaim Putraim “ní le ceachtar agaibh i mur’ libh mise,” arsa Cailleach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Ó Braonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann