Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)

Suíomh:
An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ua Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 508

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 508

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Leathanach 508
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus nuair a chualaidh siad an guth ag teacht amach as an bhéal mhór. Shíleadar gur bé an diabhal a bhí ann. Léim eadar amach ar an doras agus d’fág an t-ór ag Séaghain.
    Cruinnigh Séaghan an t-ór agus chuaidh sé ‘na bhaile. Bhí luthghair ar an t-athair nuair a thainig sé in-a bhaile agus an t-ór leis. An lá na dhiaidh sin theasban an sean fhear an t-ór dó’n mhaighistear agus d’innis do go rabh an gadaidheacht fógluimnighthe go maith ag a mhac, nó gur ghoid sé mála ór. “Anois” ars an maighistear “Caithfidh mé feachaint an bhfuil an gadaidheacht fogluimnighthe ar doigh aige. Bheirfidh mé teasg do le deanamh dó agus muna ndeanfaidh sé é.
    Bainfidh mé an ceann do” “Dona go leor” ars an sean fhear “acht caidé an teasg é”. “Bhal” ars an maighistear “béidh beirt fheara ag treabhadh an cuibhrinn sin shíos maidin i mbarach agus caitfidh Séaghan an dá chapall a ghoid uatha roimhe an dó dhéag ó chlog”. Chuaidh an sean fhear ‘na bhaile go brónach agus d’innis an sgéal do a mhac “Ó” arsa an mhac “na bhí brón ort nó tá an teasg sin furast”. Lá thar na bharach bhí an beirt fheara ag treabhadh an cuibhrinn.
    Chuaidh Séaghan isteach sa choill a bhú le taobh an cuibhrinn. Bhí trí girrfiadh aige. Fa cheann tamaill sgaoil se ceann aca amach as an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ua Ludhóg
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Ludhóg
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall