Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 494
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sin ann agus fad ó shoin a bhí...”
(ar lean ón leathanach roimhe)acht nuair a bhí siad ag an geafta ars an fear a bhí ag dul go Meiriceá leis an fhear eile fan thusa amuigh agus racaidh mise isteach agus dearfaidh mé leis go bhfuil tusa ag teacht rinne an fear eile seo. Dunthigh an t-óganach isteach agus dinnis sé don t-sagart go raibh a dhearbhráthair amuigh annsin agus go raibh ceart bheag air abair leis theacht isteach annseo. Dimthigh sé amach agus diarr sé air an n-Albanach theacht isteach tháinig sé isteach. Diarr an sagart air dul síos ar a glúnaine sé an rud a thosuigh sé sin a iarraidh luach a cuid muc shil an sagart go rabh sé an olc annsin. Idir an dá am dimthigh an fear eile amach agus d’fág sé an bheirt eile istuigh ag sganncal leobhtha casadh an dá dearbhráthair eile air agus dunthigh an triúr aca ag tarraingt ar cuan Dhoire. Bhí an bád ag imteacht go bun an phobaill agus bhí siadsan leithe. Cuaidh siad ar bord luinge annsin agus dimthigh siad go Meiriceá agus bhí neart airgid leobhtha.- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Ghriobaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ua Gallchobhair
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Ghriobaigh, Co. Dhún na nGall